Sraith de leideanna scríbhneoireachta

Sraith de leideanna scríbhneoireachta don té a chaithfidh aiste acadúil a scríobh trí Ghaeilge leis an Dr. Helena Ní Ghearáin

Leid 1: conas déileáil le tagairtí i dtéacs d’aiste

Nuair a bhíonn aiste acadúil á scríobh agat, caithfidh tú do chuid argóintí a bhunú ar an litríocht (=an litríocht acadúil a phléann le d’ábhar, m.sh. leabhair, ailt in irisleabhair acadúla, caibidlí i leabhair, cáipéisí oifigiúla, suíomhanna idirlín iontaofa, srl.).

Tacaíonn tú le do chuid pointí/argóintí trí thagairtí don litríocht.

Ní féidir aiste acadúil a bhunú ar do thuairim féin. Mar sin, in áit ‘ceapaim’, seans go mbeidh tú ag scríobh ‘ceapann X’ (X=údar saothair ábhartha éigin atá léite agat). In áit ‘i mo thuairim féin’, seans gurbh fhearr ‘is é tuairim X’, agus mar sin de.*

Cuireann tú na tagairtí iomlána (m.sh. údar, an bhliain a foilsíodh an saothar, ainm an tsaothair, foilsitheoir, an áit ar foilsíodh é, srl.) sa liosta foinsí ag deireadh na haiste. Tá treoracha soiléire ar fáil chun cabhrú leat an liosta foinsí a scríobh go cruinn. Féach Cite it Right ag  http://www3.ul.ie/referencing/miniSite/citeItRight.htm Cite it Right). Ach is minic a bhíonn amhras ar mhic léinn maidir le CONAS TAGAIRTÍ A SCRÍOBH I DTÉACS NA HAISTE FÉIN.

Seans, mar shampla, nach bhfuil na nathanna cuí ar eolas agat i nGaeilge, leithéidí, ‘according to’, ‘in the opinion of’, ‘X argues that’, ‘X states’, srl. Beidh an ghluais seo ina chabhair duit mar sin:

de réir** X, dar le X – according to X

i dtuairim** X – in X’s opinion

ceapann/measann/síleann/is dóigh le X – X thinks/considers

creideann X – X believes

áitíonn X – X argues/maintains

maíonn X – X states

tugann X le fios – X suggests

léiríonn X – X shows

cruthaíonn X – X proves

tugtar le fios i saothar** X – it is suggested in X’s work

dearbhaíonn X – X asserts/confirms

Ina dhiaidh sin is uile, bíodh is nach scríobhtar ‘dar liom’ nó ‘feictear dom’ in aiste acadúil de ghnáth, ba chóir go mbeadh guth/seasamh an scríbhneora le tabhairt faoi deara ag an léitheoir. Is féidir leat léargas a thabhairt ar do sheasamh féin ar bhealaí éagsúla.

 

Mar shampla, féach na bealaí seo a leanas a d’úsáid mic léinn chun tagairt a dhéanamh d’alt le Liam Mac Mathúna a foilsíodh sa bhliain 2008. Cuir i gcomparáid lena chéile iad. Céard a léiríonn gach ceann acu faoi thuairim an scríbhneora ina leith?

 

  • mar a léiríonn saothar Mhic Mhathúna (2008) go beacht …
  • tugann Mac Mathúna (2008) le fios …
  • mar a thuigeann Mac Mathúna (2008) …
  • is cosúil go gcreideann Mac Mathúna (2008) …
  • Bíodh is go n-áitíonn Mac Mathúna (2008) …, léiríonn Breathnach (2010) gur …

 

I gcás (a), creideann an mac léinn sa mhéid a deir Mac Mathúna – aontaíonn sí leis.

 

Ní léir i gcás (b) an bhfuil dearcadh ar leith ag an mac léinn … ón méid seo ar aon nós. Bealach neodrach go maith is ea é seo chun tuairim duine eile a chur in iúl.

 

Is cosúil i gcás (c) go bhfuil meas ag an mac léinn ar thuairim Mhic Mathúna.

 

(d) B’fhéidir nach n-aontaíonn an mac léinn leis na méid a deir Mac Mathúna nó b’fhéidir go bhfuil sé deacair tuairim Mhic Mhathúna a dhéanamh amach …

 

(e) Tá an mac léinn ag iarraidh argóint a dhéanamh anseo. Cuireann sí tuairim Mhic Mhathúna in iúl ach léiríonn sí go neamhbhalbh go gcreideann sí gur foinse níos iontaofa í Breathnach (2010).

 

Ní mór mar sin a bheith cúramach le do rogha focal.

 

*Is fiú labhairt le do léachtóir faoi seo má bhíonn amhras ort – seans gurb é aidhm na haiste do thuairim a chur in iúl agus go mbeidh do léachtóir ag súil le do thuairim ag an deireadh … Ach fiú amháin sa chás sin, caithfidh tú a léiriú go bhfuil do thuairim bunaithe ar thaighde ar an ábhar agus go bhfuil tú i ndiaidh staidéar a dhéanamh ar an litríocht!

**Bí cúramach: ní mór an tuiseal ginideach a úsáid i ndiaidh na leaganacha seo, m.sh. ‘de réir Uí Riain’, ‘i dtuairim Mhic Mhathúna’, srl.

 

 

Sa chéad iontráil eile: Signposting

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s