Forbairt Scileanna Léitheoireachta agus Éisteachta / Developing your reading and listening skills

Arbh eol duit go bhfuil pobal na Gaeilge an-ghníomhach ar Twitter? Did you know that Irish is very popular on Twitter? Ar léigh tú tvuít as Gaeilge riamh? Or would you be interested in a website that helps you improve your Irish as you listen to An Nuacht? In this post Deirdre Ní Loingsigh recommends 2 exciting ways to improve your reading and listening skills. Lean ort ag léamh mar sin – and don’t forget there’s a glossary of the Irish words in bold at the end of the post.

th

[Leanann an t-alt gearr seo an ceann ar an éisteacht ghníomhach a póstáladh an 8 Márta 2014. Pléadh an físeán “Rinceoir Siúlach” sa cheann sin. Mar eolas arís, tá an físeán sin ar fáil anseo]

Gníomhaíocht [Léamh]: Meánleibhéal

Smaoinigh ar TWITTER chun cur le do chuid scileanna léitheoireachta. Muna bhfuil dúil agat nó an t-am agat a bheith ag léamh leabhar, b’fhiú cuntas Twitter a thosú agus cuntais ar ábhair éagsúla a leanúint ar mhaithe le nós na léitheoireachta leanúnaí a chothú. Bíonn pobal na Gaeilge an-ghníomhach ar Twitter. Is ceann an-mhaith é an ceann seo don té a bhfuil spéis aige i gcúrsaí CLG nó don té atá ag iarraidh tuiscint níos fearr a fháil ar úsáid nádúrtha na Gaeilge sa phobal: https://twitter.com/anghaeltacht

Cruthaigh nós nua teachtaireachtaí giolcaireachta/tvuíteanna a léamh gach aon lá. Smaoinigh ar an áit agus ar an am is oiriúnaí duit chun léitheoireachta agus cloígh leis an am agus áit sin mar nós! Cuir aithne orainne ag Aonad na Gaeilge ar an gcóras giolcaireachta: www.twitter.com/aonadnagaeilge

Gníomhaíocht [Éisteacht]: Leibhéil éagsúla

Mír nuachta de chuid TG4 a bhí sa ghearrthóg faoi Thómas Ó Sé sa cheacht deireanach ar scileanna éisteachta. Más spéis leat cúrsaí reatha nó a bheith ag éisteacht le míreanna nuachta go ginearálta, cuireann Ionad na dTeangacha, Ollscoil Mhá Nuad acmhainn iontach ar fáil do lucht spéise na Gaeilge. Déantar mír nuachta de chuid TG4, comhad físe, a chur ar fáil don phobal gach seachtain. Leis sin, bíonn bileoga oibre le sraith de ghníomhaíochtaí ag trí leibhéal éagsúla bunaithe ar an ngearrthóg nuachta. Gheobhaidh tú na gníomhaíochtaí ag an nasc:

http://www.nuim.ie/language/vifax/

Muna bhfuil spéis agat tabhairt faoi na gníomhaíochtaí féin, b’fhiú go mór an tras-scríbhinn ar an mbileog oibre (an pdf) a léamh os ard in éineacht leis an léitheoir nuachta féin. Cuirfidh “lip-syncing” mar seo go mór le do chuid eolais ar fhoghraíocht agus ar rithim na teanga. Baineann píosa spraoi leis chomh maith!

This blog entry highly recommends the VIFAX resource material provided by the Language Centre at Maynooth University. For those of you at elementary language levels, follow the links to “bunleibhéal”. The answers to the listening activities and the transcript of the news item are available at the end of each pdf.

Gluais

gníomhaíocht – activity

Muna bhfuil dúil agat if you’re not interested

cuntas – account

nós na léitheoireachta leanúnaí – regular reading habit

an-ghníomhach – very active

don té – for the person

i gcúrsaí CLG – in GAA

teachtaireachtaí giolcaireachta – tweets

cloígh leis seo – stick with this

sa ghearrthóg – in the clip

cúrsaí reatha – current affairs

acmhainn – resource

comhad físe – video file

sraith – series

tras-scríbhinn – transcript

ar fhoghraíocht agus ar rithim na teanga – on the sounds and rhythm of the language

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s