An Éisteacht Ghníomhach / Fine-tuning your Listening Skills

In this post Deirdre Ní Loingsigh shows how learners can improve their active listening skills using a clip from Nuacht TG4. Included is a lesson for Beginners and two lessons for Intermediate Level, as well as a glossary at the bottom.

An aidhm leis an alt áirithe seo ná sibh a chur ag machnamh ar an éisteacht “ghníomhach”. Bíonn cuid mhaith agaibh i mbun cuardaigh d’ábhar trí mheán na Gaeilge ar líne agus ar YouTube ach go háirithe.

Tá cúpla gníomhaíocht thíos bunaithe ar fhíseán de chuid YouTube. Tá an ghearrthóg féin ar fáil anseo.

Bhfuil sé feicthe agaibh cheana? Bhfuil cloiste agaibh faoin leaid seo?

Réamhrá: Cúrsaí Pleanála

The more you can link your language learning to your own personal interests the better. Moltar foghlaim na teanga a cheangal le do chuid spéiseanna pearsanta más féidir sin. Is mír an-mhaith í seo is dóigh liom toisc go n-oirfidh sé don té a bhfuil dúil aige sa sport, sa rince agus sa cheol, agus i gcúrsaí Gaeltachta agus teaghlaigh. Cuimhnigh nach bhfuil gá le gach aon rud a thuiscint. You don’t need to understand everything. Cabhróidh íomhánna an fhíseáin agus an éisteacht siar go mór libh. You don’t need to listen to all of the excerpt either. Pick and choose from the speakers listed in the breakdown of the excerpt, “Míreanna na Gearrthóige”, below.

Leagaim amach cúpla gníomhaíocht ag leibhéil éagsúla deacrachtaí thíos. Seans go mbeidh an briseadh síos ar an mír féin úsáideach duit. Is fiú machnamh a dhéanamh ar na deacrachtaí a bhíonn agat le cainteoir amháin thar chainteoir eile, mar shampla.

Míreanna na Gearrthóige

0.00-0.19 [soicind] Cur i láthair ón seomra nuachta, léitheoir nuachta

0.19-0.22 Mír le tráchtaire spóirt

0.23-0.53 Seán Mac an tSíthigh, tuairisceoir

0.53-1.05 Tomás Ó Sé, an peileadóir féin

1.06-1.13 Seán Mac an tSíthigh, tuairisceoir

1.14- 1.46 Tomás Ó Sé, an peileadóir féin

1.47 Seán Mac an tSíthigh, tuairisceoir

1.52–2.02 Máthair Thomáis

2.31 “Mír Sheasta” [Is mír í seo a bhíonn ar an nuacht go minic. An mbeadh úsáid agat féin d’aon chuid di i do chuid cumarsáide féin?

 

Exercises

Gníomhaíocht: Bunleibhéal

An bhfuil tú in ann na logainmneacha (placenames) seo a dhéanamh amach sa mhír? Téigh ar www.logainm.ie chun eolas a fháil ar logainmneacha na hÉireann. How many of the following placenames can you hear in the clip? Check out the web resource www.logainm.ie This will show you where each place is and also link you to some other useful information about the place and muintir na háite.

Éirinn (Éireann)

Ciarraí

Eoraip

Meiriceá

Cill Airne

Corca Dhuibhne

Maigh Eo

Gaeltacht(a)

Gallarus

Dún Chaoin

 

 Gníomhaíocht [Scríobh]: Meánleibhéal

An té a bhíonn siúlach bíonn sé scéalach. Cad í do thuairim féin faoin “rinceoir siúlach” seo? Scríobh nóta tráchta thíos.

 

Gníomhaíocht [Gramadach]: Meánleibhéal

Beidh an téacs seo thíos le feiscint ar an scáileán le linn duit a bheith ag breathnú ar an ngearrthóg

Tomás Ó Sé Rinceoir agus Peileadóir (1.21) Michelle Uí Shé, Máthair Thomáis (1.59)
An dtuigeann tú an difríocht idir “Ó Sé”, “Uí Shé” agus “Ní Shé”?

An dtuigeann tú cén fáth go luaitear Tomás Ó Sé ach “ máthair Thomáis”?

Cuimhnigh go mbíonn an-chuid eolais go deo ar fáil san fhoclóir. Breathnaigh ar na hiontrálacha ag na naisc seo a leanas, mar shampla.

Uí: Féach http://www.teanglann.ie/ga/fgb/u%C3%AD

Ó: (in surnames 2) http://www.teanglann.ie/ga/fgb/%C3%9

Ní: (2) http://www.teanglann.ie/ga/fgb/N%C3%AD

Is fiú cuardach a dhéanamh i gcomhair Uí ar an suíomh An Foclóir Beag, curtha ar fáil ag Gearóid Ó Néill, iarléachtóir Ollscoil Luimnigh chomh maith

 

Gluais

i mbun cuardaigh – searching for

na heochairfhocail – key words

spéiseanna pearsanta – personal interests

íomhánna an fhíseáin – the images in the video

éisteacht siar – listening back

Is fiú machnamh a dhéanamh – it is worthwhile to think about

deacrachtaí – difficulties

Mír Sheasta” – set piece

téacs – text

gearrthóg – clip

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

w

Ceangal le %s