Abair Amhrán

Sailí Ní Dhroighneáin introduces fans of sean-nós to a traditional song heard in Connemara around Christmastime.

Abair Amhrán: Siar is Aniar na Sráideanna

Anois agus an Nollaig buailte linn, bheartaigh mé amhrán Nollag speisialta a roinnt libh. Is amhrán é seo a bhíodh ag an amhránaí cáiliúil sean-nóis as Conamara Seosamh Ó Héanaí. Is i 1919 a rugadh Seosamh Ó Héanaí agus is óna sheanmháthair a d’fhoghlaim sé an t-amhrán seo, rud a thaispeánann dúinn cé chomh sean is atá an t-amhrán!! Ní fios cé a chum.

Tá traidisiún láidir sean-nóis i gConamara agus uaireanta thugtaí téamaí eaglasta agus an stíl sean-nóis le chéile chun go mbeadh an pobal in ann a dtraidisiún pearsanta féin a mheascadh lena gcreideamh agus go deimhin a chanadh sa séipéal. Is amhrán den chineál seo é “Siar is Aniar na Sráideanna”. Is sean-amhrán sean-nóis é seo atá ag déanamh cur síos ar an gcéad oíche Nollag úd nuair a bhí Muire agus Iósaef ag lorg dídine.

Cliceáil ar an nasc seo chun éisteacht leis an amhrán agus bain sult as. Tá focail an amhráin thíos mar chabhair duit agus tú ag éisteacht leis an amhrán nó ag iarraidh é a fhoghlaim tú féin!

Siar is Aniar na Sráideanna

(1)

Chuadar siar is aniar na sráideannaí, ní bhfuaireadar aon dídean ann Nó go dtáinigdar don stábla naofa dhá uairín roimh lá Dhiúltaigh an teach ósda iad a thabhairt as an sneachta agus rugadh an leanbh naofa idir bullán agus asail.

Curfá

Aililiú-leá, is aililiú-leá A bhó-bhó is a chó-chó is aililiú-leá.

(2) Tháinig na trí ríthe le bronntanaisí ag an leanbh [Dhiúltaigh tú an méid sin,] ór buí agus aiteas Dhiúltaigh tú uilig an méid sin ag sábháil gach peacach dhá dtiocfaidh, dhá ndeachaigh, ‘s dhá mbeidh againn feasta.

Curfá

Lá dhá raibh an cúpla ag siúl lena chéile Ó d’fhiafraigh an Mhaighdean Ghlórmhar ‘An mar seo a bhéas muid feasta?’ ‘Díolfar mé Dé Céadaoin ar leath-choróin den airgead bán Agus beidh mé Déardaoin do mo ruaig[eadh] ag mo námhaid Tiocfar anuas orm le chúig mhíle buille Agus an braon uasal is ort in uachtar, beidh sé síos le mo shála.’

Curfá

 

Advertisements