Guth an Fhoghlaimeora

Leabhair Nollag don Fhoghlaimeoir

Dioplóma sa Ghaeilge student Fionnuala Holohan suggests some alternative book choices for the foghlaimeoir in your life (glossary at end).

B’fhéidir nach bhfuil aon rud níos measa ná bronntanas oideachasúil, go mór mór ag aimsir na Nollag. Ach seo cúpla smaoineamh maidir le leabhair as Gaeilge a bhainfidh daoine sult astu chomh maith.

anfhonduireachtFoilsíodh aistriúchán de leabhar suntasach cúpla mí ó shin darb ainm ‘An Fhondúireacht’.  Leagan Gaeilge is ea é den leabhar ficsin eolaíochta, ‘Foundation’, a scríobh Isaac Asimov i 1951, an chéad leabhar den Foundation Trilogy. Caithfidh mé a rá gurb é seo ceann de na leabhair is fearr liom riamh – scéal glic, meabhrach, lán de shamhlaíocht agus de ghaisce is ea é, a léim arís agus arís eile. Níl i scéal an scannáin Interstellar ach aithris lag, sílim, i gcomparáid leis an mbunleabhar.

Suimiúil go leor, tá sé aistrithe go Gaeilge ag aistritheoir ón bhFionlainn darb ainm Panu Petteri Hoglund, agus is maith an iarracht atá déanta aige. Mar fhoghlaimeoir, tá sé i bhfad níos éasca a bheith ag léamh leabhair as Gaeilge nuair atá aithne mhaith, agus meas mór, agat ar an scéal cheana féin.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin leabhar, cliceáil anseo. Tá sé ar díol ar www.litríocht.com ar €14.95, agus freisin ar amazon agus srl.

antain

Smaoineamh maith eile muna bhfuil duine ag iarraidh leabhar iomlán a léamh ná féachaint ar na húrscéalta grafacha as Gaeilge atá le fáil anois. Sampla maith is ea ‘An Táin’. Bheadh sé éasca an leabhar iontach seo a léamh san aon turas amháin, ó thaobh scéil agus foclóra de, ach is í an cheird ealaíne atá le feiceáil ann a chuirfidh moill ort, tá na híomhánna ann dochreidte.

Is dócha gur ar dhéagóirí atá leabhair den chineáil seo dírithe, ach in anneoin sin, nó b’fhéidir dá bharr sin, tá siad foirfe don fhoghlaimeoir freisin.

An Táin ar díol ag www.litríocht.com freisin, ar €10.

Nollaig faoi shéan agus faoi mhaise daoibh!

Gluais

oideachasúil – educational

aimsir na Nollag – Christmastime

sult – enjoyment

aistriúchán – translation

suntasach – noteworthy

ficsean eolaíochta – science fiction

meabhrach – intelligent

gaisce – adventure

cheana féin – already

úrscéalta grafacha – graphic novels

san aon turas amháin – in the one sitting

ceird – craft/trade

moill a chur ar – to delay

íomhánna – images

dochreidte – unbelieveable

foirfe – perfect

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

w

Ceangal le %s