Guth an Fhoghlaimeora

Some thoughts on returning to Irish as an adult learner as well as information on An Caifé Gaeilge, held at the Stormy Teacup in Limerick city on the third Thursday of every month. Written by Fionnuala Holohan, currently undertaking a Diploma in Irish with Aonad na Gaeilge.
Scór Focail Triarach / Triple Word Score
 
Is é an rud is minice a deireann daoine liom is mé ag labhairt leo faoin gcúrsa atá á dhéanamh agam in Ollscoil Luimnigh (Teastas agus Dioplóma sa Ghaeilge) ná – “Oh I love Irish, I wish I could speak it”. Leanann siad ar aghaidh le smaointe cosúil le “…but the way they taught it at school was terrible” nó “…but I don’t have time”.
1416415564129-1431222201
  

Feictear dom go bhfuil foghlaim na Gaeilge (nó ath-fhoghlaim na Gaeilge do chuid againn) mar mhian ag go leor daoine, ach nach dtuigeann siad cé chomh láidir is atá na scileanna teanga atá acu cheana féin – ní cheapaim gur féidir le daoine ceithre bliana déag a chaitheamh ar scoil gan cuid den teanga a thabhairt leo. Ach ní bhíonn sé soiléir dóibh conas a thabharfaidh siad faoi arís, go háirithe agus iad gafa le hobair / dualgais chlainne / freagrachtaí an tsaoil laethúil, srl. Tá sé deacair an doras ceart nó an chéad chéim a aimsiú, gan trácht ar thús a chur leis an turas foghlama!

D’fhoglaim mise go leor faoi réitigh ar chuid de chonstaicí an fhoghlaimeora ó thosaigh mé mo chúrsa. An dúshlán a bhí i ríomhphost simplí lánGhaeilge ón Aonad a thuiscint, fiú amháin, na milliúin botún a bhí i mo chuid Gaeilge scríofa agus labhartha, an náire agus an mhífhoighne a bhraith mé nuair a bhí orm focail Bhéarla a úsáid toisc nach raibh mé in ann mo thuairimí a chur in iúl go sásúil trí Ghaeilge.
Ach ní raibh ann sa deireadh ach cleachtadh, cúnamh agus comhluadar foghlaimeoirí eile ar nós mé féin. Anois feicim doirse agus deiseana eile ag oscailt suas, ach níl dearmad déanta agam ar cé chomh dúshlánach is atá an chéad chéim sin, agus an tábhacht a bhaineann le suim an ghnáthdhuine sa Ghaeilge a mhúscailt, le go mairfidh teanga beo.
 photo9
 ‘The Stormy Teacup’, Foxes Bow
Sin an fáth ar bunaíodh an Caifé Gaeilge sa Stormy Teacup (ST) i Luimneach ar dtús – ciorcal cainte dátheangach i suíomh suimiúil, ag imirt cluíchí cosúil le Scrabble (dátheangach – dúshlán maith!), fiche-cúig agus mar sin de, uair sa mhí.
 
Dúshlán an Scrabble dhátheangaigh,
pointe sa breis d’fhocal Gaeilge
Fad is a bhíonn muid ag diriú ar an gcluiche atá ar siúl againn, ní bhímid róbhuartha faoi na botúin inár nGaeilge labhartha, agus is deas an bealach é freisin chun aithne a chur ar dhaoine nua. Bíonn daoine difriúla ann gach uair, ó gach aoisghrúpa, ar gach caighdéan Gaeilge. Bhí triúr scolairí ón nGaelcholáiste againn an mhí seo caite, agus cailín ó scoil eile a scríobhann blag as Gaeilge an mhí roimhe sin.
Meallann an áit féin daoine freisin ceapaim, is áit eicléictiúil an ST, agus bíonn go leor ar siúl acu gach oíche. Níl sé róbheag ná rómhór, spás fiche duine nó mar sin. Agus is féidir pionta a fháil, cé gur pionta tae é!
 
Tar éis cúpla uair an chloig ag caint as Gaeilge tagann féinmhuinín chuig daoine arís agus is iontach an rud é sin a fheiceáil. Oscalaíonn an comhrá doirse eile is muid ag caint – imeachtaí eile atá ar siúl agus acmhainní eile atá ar fáil don fhoghlaimeoir Gaeilge. Níl anseo ach céim an-bheag go fóill agus feicfidh muid mar a leanfaidh sé ar aghaidh.
Agus ar ndóigh, ní chaithfidh duine freastal ar imeacht mar seo chun comhluadar foghlaimeoirí a aimsiú – tá pobal bríomhar ar líne freisin ar Twitter agus ar Facebook, sa ghrúpa ‘Gaeilge Amháin’, mar shampla. Bíonn Twitter an-úsáideach don fhoglaimeoir sílim féin – bíonn na teachtaireachtaí gearr agus meascán Béarla agus Gaeilge iontu, go minic, agus bíonn gach cineál ábhair á phlé.
Ach b’fhéidir gurb é sin ábhar ailt eile 🙂
Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

w

Ceangal le %s