Abair Amhrán

A short post looking at the song Beidh Aonach Amárach with a link to the animated video

An bhfuil suim agat sna hamhráin Ghaeilge? Ar mhaith leat úsáid a bhaint astu chun cabhrú le chumas teanga? Ar aghaidh leat …

“Trasna na dtonnta dul siar, dul siar” … Tá mé beagnach cinnte go bhfuil fonn an amhráin sin ag dul tríd bhur n-intinn anois!! Is iomaí bealach le teanga a fhoghlaim agus is dóigh liom féin go bhfuil na hamhráin in ann cabhrú go mór leis an bpróiséas seo agus go deimhin é a dhéanamh níos taitneamhaí. Cabhraíonn an fonn linn smaoineamh ar na focail, agus de bharr go mbíonn muid ag iarraidh an t-amhrán a chanadh, bíonn na rialacha gramadaí tugtha linn againn i ngan fhios dúinn féin.

Sa phíosa seo, ba bhreá liom amhrán deas Gaeilge a chur os bhur gcomhair agus ba bhreá liom freisin dá ndíreodh sibh ar na focail agus bhur ndícheall a dhéanamh an bhrí a thabhairt libh (ag baint úsáide as áiseanna ar nós An Foclóir Beag ar líne nó www.focal.ie. Molaim go láidir daoibh ansin féachaint ar an bhfíseán dar teideal ‘An Gréasaí Bróg-Anam an Amhráin’ atá ar fail ar YouTube chun cleachtadh a fháil ar an bhfonn (tá go leor físeán deas den chineál seo ar fail ar YouTube ar an gclár ‘Anam an Amhráin‘). An chéad uair eile, déanfaidh muid fiosrú níos doimhne ar na rialacha gramadaí atá i bhfolach san amhrán.

An Gréasaí Bróg

  1. Beidh aonach amárach i gContae an Chláir. Beidh aonach amárach i gContae an Chláir. Beidh aonach amárach I gContae an Chláir. Cé mhaith dom é, ní bheidh mé ann.

Curfá: A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé? A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé? A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé? A mhuirnín ó ná héiligh é.

  1. Níl tú a deich nó a haon déag fós. Níl tú a deich nó a haon déag fós. Níl tú a deich nó a haon déag fós. Nuair a bheidh tú trí déag beidh tú mór.

Curfá

  1. Táim-se i ngrá le gréasaí bróg. Táim-se i ngrá le gréasaí bróg. Táim-se i ngrá le gréasaí bróg. Mura bhfaighidh mé é ní bheidh mé beo.

Curfá

  1. B’fhearr liom féin mo ghreasaí bróg B’fhearr liom féin mo ghreasaí bróg B’fhearr liom féin mo ghreasaí bróg Ná oifigeach arma faoi lasaí óir
Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s