An Ghaeilge sa saol acadúil

32118-425x282-Academic_writing

This post aims to provide advanced learners of Irish with an understanding of academic style; especially useful for those of you who have essays to write or presentations to give in Irish.

An bhfuil aiste nó tráchtas nó cur i láthair le scríobh agat i gcomhair do chúrsa Ghaeilge? Má tá, caithfidh tú stíl acadúil a leanúint. Seo roinnt comhairle duit.

Ceist: An cuma faoi mo thuairimí féin in aiste acadúil?

Bíonn mearbhall [confusion] ar fhoghlaimeoirí faoi conas argóint a dhéanamh in aiste acadúil agus faoi conas a dtuairimí féin a láimhseáil. Ní haon ionadh sin go háirithe don té atá i ndiaidh an mheánscoil a fhágáil. San aiste Ghaeilge don Ardteist, moltar do dhaltaí argóint a dhéanamh trí tharraingt ar a dtuairimí féin. Dá réir sin, foghlaimíonn daltaí nathanna ar nós ‘i mo thuairim phearsanta féin’, ‘dar liom féin’, ‘i mo bharúil’ agus ‘dealraíonn sé domsa’ srl. Bíonn an aiste Ardteiste breac lena leithéid. Ach ansin sa choláiste, malairt comhairle ar fad a thugtar! Deirtear leis an mac léinn gur cuma faoina thuairimí féin fiú!

Tá cúis leis seo. I dteács acadúil, caithfear argóint a chruthú bunaithe ar do chuid léitheoireachta agus do chuid taighde. Bíonn tréithe éagsúla ag baint le téacs acadúil a shainíonn é ó théacsanna eile [sainigh = differentiate]. Mar shampla, caithfidh téacs acadúil a bheith nasctha leis an litríocht chuí (nó ‘lonnaithe’ sa litríocht). Ciallaíonn sé sin, más aiste ar fhilíocht Sheáin Uí Ríordáin atá á scríobh agat, go gcaithfidh tú go leor tagairtí a bheith agat d’ábhar eile atá scríofa faoin topaic chéanna agus caithfidh do théacs féin a bheith nasctha leis an ábhar sin. Is é an aidhm a bhíonn ag scríbhneoir máistreachta nó dochtúireachta ná cur leis [cuir le = contribute to] an litríocht atá ann cheana, ar bhealach éigin. D’fhéadfadh sé nó sí anailís as an nua a dhéanamh ar ghné éigin de shaothar an Ríordánaigh mar shampla. Ní ag brath ar do thuairimí féin a bhíonn tú in aiste acadúil mar sin, ach ag forbairt argóna bunaithe ar léitheoireacht/thaighde.

Tá cúpla cúis eile ann a gcaithfidh tú a bheith cúramach le do thuairimí féin i dtéacs acadúil. Ba chóir do théacs acadúil a bheith oibiachtúil, cruinn agus iontaofa. Bíonn sé neamhphearsanta ar bhealach. Seachain tagairtí duit féin (‘ceapaim’) agus don léitheoir (‘tuigfidh tú’). Bí cinnte go bhfuil an Briathar Saor ar eolas agat! Ach ní leor díreach stíl oibiachtúil a chleachtadh – caithfidh an téacs féin a bheith cruinn. Caithfidh an scríbhneoir freagracht a ghlacadh as gach aon smaoineamh nó ráiteas sa téacs. Caithfidh sé nó sí tacú lena c(h)uid argóintí – agus ní leor a t(h)uairimí ná a t(h)aithí féin. Feicimid arís anseo tábhacht na léitheoireachta; is trí thagairtí don litríocht a thacaítear le hargóintí.

Conas a dhéanfaidh mé argóint mar sin?

Ní chiallaíonn sé seo ar fad nach bhfuil tuairim an scríbhneora tábhachtach. Ar ndóigh ba chóir go mbeadh guth nó seasamh an scríbhneora soiléir don léitheoir. Cad é an réiteach mar sin? Bealach amháin chun do sheasamh féin a chur in iúl na focail a roghnaíonn tú. Féach, mar shampla, an tionchar a bhíonn ag na roghanna focal sna habairtí seo a leanas. Cad é seasamh an scríbhneora i leith shaothar Mhic Mhathúna i ngach ceann acu?

  • ‘mar a léiríonn saothar Mhic Mhathúna (2001) go beacht’
  • ‘tugann Mac Mathúna (2001) le fios’
  • ‘is cosúil go gcreideann Mac Mathúna (2001)’

Má chuireann tú ‘is léir go’ ag tús abairte, tugann tú le fios go gcreideann tú go láidir sa ráiteas a leanann é. Cuir sin i gcomparáid le ‘is cosúil’. Tá difear arís idir ‘b’fhéidir’ agus ‘is ea is dóichí’.

Is faoin scríbhneoir atá sé aird a thabhairt ar na roghanna seo agus cinneadh cáiréiseach a dhéanamh.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s