12 Acmhainn faoin Nollaig – 12 Irish Language Resources for Christmas

Enjoy this Christmas compilation with a difference!  These are examples of reading, video and audio texts (in Irish) on the theme of Christmas. They are openly available on the web. They will be of interest to the keen Irish language learner and to anyone involved in the design of Irish-medium teaching and learning materials.

Chuir Deirdre Ní Loingsigh an liosta acmhainní thíos le chéile mar chuid den ‘Limerick Hour’ ag Aonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh ar Twitter an tseachtain seo caite. Cheapamar go mbeadh sé úsáideach iad ar fad a tharraingt le chéile in aon iontráil amháin anseo ar an mblag daoibh.  Téacsanna de chineálacha éagsúla a bhaineanna le téama na Nollag is ea iad. D’fhéadfadh múinteoir  iad a úsáid mar théacsanna éisteachta, léitheoireachta, físe 7rl sa seomra ranga nó  d’fhéadfadh an foghlaimleoir neamhspleách iad a úsáid mar acmhainní príobháideacha.  Tá ábhar an-fhiúntach ann, ábhar chúpla “party-piece” don Nollaig ach go háirithe!  Bainigí taitneamh astu.

Ba bhreá linn a bheith ar an eolas faoin gceann is fearr a thaitníonn libh. Fágaigí freagra sa bhosca thíos. Beannachtaí na Féile oraibh ar fad!

 

 

Tuilleadh

Advertisements

Beannachtaí na Nollag

christmas-2994572_960_720

An Nollaig

Seo thíos roinnt focal agus nathanna a bheidh úsáideach don fhoghlaimeoir le Gaeilge um Nollaig. Tréimhse dheas is ea an Nollaig le do chuid Gaeilge a chleachtadh agus cártaí Nollag as Gaeilge le fáil, cláir dheasa ar siúl ar TG4 agus ar RnaG, am agat bualadh le cairde a bhfuil Gaeilge acu, cluichí a imirt as Gaeilge le do ghasúir, srl.

Ag beannú do dhuine (greeting someone) um Nollaig:

Happy Christmas!

Nollaig shona* duit!  / Nollaig faoi shéan is faoi mhaise duit! / Nollaig mhór* mhaith* duit!

* Cuimhnigh gur focal baininscneach é ‘Nollaig’ agus beidh séimhiú ar an aidiacht a leanann é dá réir.

Ag beannú do dhuine san Athbhliain New Year Greetings:

Happy New Year:

Athbhliain faoi mhaise duit!

Bliain úr mhaith duit!

Rath agus séan ort san Athbhliain!

Freagraí Responses

Déanfaidh ceann amháin de na nathanna thíos cúis (will do the job):

Many happy returns/Same to you:

Gurb amhlaidh duit

Go mba hé duit

An bhail chéanna ort

Cártaí na Nollag Christmas Cards

wishes-3006367_960_720

Is féidir na beannachtaí thuas a scríobh i gcártaí freisin. Feictear an bheannacht seo nó leagan di go minic i gcártaí:

Best Wishes for Christmas:

Le gach dea-ghuí i gcomhair** na Nollag.

 Is féidir ‘Beannachtaí na Nollag a ghuí ar dhuine’ chomh maith. M.sh.

Wishing you and your family a happy Christmas and New Year

‘Ba mhaith liom Nollaig mhór mhaith agus Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise a ghuí ort féin agus ar do chlann.’

**Tabhair faoi deara an litriú ceart ‘i gcomhair’ (agus ní ‘i gcóir’ nó ‘i gcomhar’). Ciallaíonn ‘i gcomhar’ i bpáirt le. Ciallaíonn ‘cóir’ cothrom nó ceart. Féach an mhír ‘Cruinneas’ ar an suíomh idirlíon iontach www.aistear.ie i gcomhair (ceart???!!!) tuilleadh samplaí d’fhocail Ghaeilge a chuireann mearbhall ar dhaoine ó am go chéile.

christmas-3006743_960_720

Nathanna úsáideacha eile / Other handy phrases

Nollaig Shona duit/Nollaig Shona daoibh

 Happy Christmas to you

(addressing one person/addressing more than one person)

Gurab amhlaidh duit agus a lán eile ina teannta

Same to yourself and many more of them

Beannachtaí na Féile & go n‑éirí an Bhliain Nua libh!

Season’s Greetings and all the best for the new year! (plural)

Le dea-ghuí don Nollaig agus don Athbhliain

With best wishes for Christmas and the New Year

Ag smaoineamh ort um Nollaig

Thinking of you at Christmas (addressing one person)

Beannachtaí na Nollag ort/oraibh Christmas Greetings

Bliain nua faoi mhaise duit Happy New Year

Rath agus bláth na bliana ort/oraibh

Feicfidh mé tú san athbhliain See you in the New Year

Go mbeirimid beo ar an am seo arís! May we be around this time next year

 

christmas-2803274_960_720

Jimín Mháire Thaidhg

létiheoireacht3

Ar mhaith leat aithne a chur ar Jimín Mháire Thaidhg – ‘seoid mhór litríocht Ghaeilge na n-óg’?

Tá feicthe againn cheana (Litríocht na nÓg) go bhfuil raidhse iontach leabhar ar fáil do pháistí i nGaeilge.

Ach ná déanaimis dearmad ar na clasaicí …

Would you like to get to know Jimín Mháire Thaidhg? We’ve already had a glimpse of the wide range of modern books for young Irish speakers, but let’s not forget the classics. ‘Jimín’ is one the gems of Irish language children’s books…

I bhfad sular (long before) tháinig ann do ‘nal Dána’ agus sular thosaigh ‘An Biliúnaí Beag’ ag spalpadh Gaeilge, bhí ‘Jimín’, buachaill spraíúil trí bliana déag d’aois ag tabhairt an dúshláin (testing/defying) do na daoine fásta mórthimpeall air.

Meastar gur saothar an-tábhachtach i stair na litríochta Gaeilge é ‘Jimín’ os rud é gurb é an chéad leabhar Gaeilge a scríobhadh ó pheirspictíocht an pháiste. Is é Jimín féin a insíonn a scéal, agus ba rud núálach amach is amach (very innovative) é sin i leabhar Gaeilge sa bhliain 1921.

Bhí d’ádh ar na glúnta de pháistí scoile (generations of school children were lucky) aithne ar ‘Jimín’ mar bhí sé ina théacs scoile ó na fichidí go dtí lár na haoise seo caite. Ó shin i leith, áfach, chuaigh an leabhar as úsáid agus as cló (out of print) de réir a chéile.

Mar sin, is deas linn a fhógairt go bhfuil leagan nua neamhghiorraithe (a new unabridged version) den leabhar ar fáil anois, faoin teideal ‘Jimín Mháire Thaidhg’. Dhá leagan atá curtha in eagar (edited) ag an Dr. Ríona Nic Congáil mar a tharlaíonn, ceann acu scríofa i nGaeilge chaighdeánach (standard Irish) agus ceann eile i gcanúint Mhuimhneach an údair, Pádraig Ó Siochfhradha.

Ba de bhunadh Bhaile an Ghóilín, trí mhíle siar ón Daingean Pádraig Ó Siochfhradha. Rugadh é sa bhliain 1883 agus ghlac sé páirt lárnach in Athbheochan na Gaeilge (the Irish language revival). Fiú murar chas tú ar ‘Jimín’ riamh, seans gur chuala tú faoin Seabhac (the Hawk), an t-ainm cleite (pen name) a d’úsáid Ó Siochfhradha. Más suim leat tuilleadh eolais a fháil faoi An Seabhac, seans gur mhaith leat dul chuig an suíomh www.ainm.ie, bunachar beathaisnéisí daoine mór le rá i saol na Gaeilge (an online database of biographies of people involved with the Irish language).

Capture

Tá eagarthóir ‘Jimín Mháire Thaidhg’ den tuairim go bhfuil ábhar spéise agus siamsaíochta sa scéal do léitheoirí fásta agus do léitheoirí óga araon (both). Ag labhairt le Pól Ó Muirí, iriseoir leis an Irish Times, dúirt sí an méid seo a leanas:

“Is é Jimín an chéad leabhar Gaeilge do pháistí a bhfuil an greann lárnach ann, ach tá an scéal géar, cáinteach freisin: ceistíonn Jimín údarás an duine fhásta sa saol príobháideach agus sa saol poiblí in Éirinn”.

“Ar nós leabhair chanónacha do pháistí i dteangacha eile, tá Jimín Mháire Thaidhg ag feidhmiú ar leibhéil éagsúla, agus sin cuid den chúis a bhfuil léitheoirí Gaeilge fós ag cur suim ann.”

Agus ar ndóigh is mór an chabhair é d’fhoghlaimeoirí Gaeilge ar spéis leo Gaeilge na Mumhan (interested in Munster Irish) an leagan Muimhneach agus an leagan caighdeánach a bheith ar fáil i dteannta a chéile.

book-2160539_960_720.png

 

Litríocht na nÓg

léitheoireacht1

Bíodh na páistí ag faire amach d’Orla Uan agus sibh i mBaile an Fhéirtéaraigh! Arbh eol duit go bhfuil scoth na leabhar Gaeilge do pháistí ar fáil, ina measc, ceann faoi Orla Uan, atá suite i gCruach Mhárthain, Baile an Fhéirtéaraigh?

Tell the children to keep an eye out for a little lamb named Orla on your upcoming Gaeltacht trip! This post discusses some of the excellent literature for young children available as Gaeilge, including Orla Uan, set in Baile an Fhéirtéaraigh.

Má tá páistí óga agat is dócha gurb eol duit cheana féin (that you already know) go bhfuil rogha iontach leabhar Gaeilge do pháistí ar fáil sna siopaí leabhar agus ar líne, ar shuíomhanna mar www.cic.ie agus www.siopa.ie. An raibh a fhios agat gur féidir cuardach a dhéanamh de réir aoisghrúpaí éagsúla (according to age) ar www.cic.ie? Déanann an áis seo an saol níos éasca don té atá ag iarraidh leabhar oiriúnach a roghnú do pháiste ag aois ar leith (choose an age-appropriate book).

Cad iad na leabhair Ghaeilge is mó a théann i bhfeidhm ar do pháistí féin? (Which Irish books are favourites in your home?)

book-1189776_960_720

Tá buachaill beag trí bliana go leith d’aois ar m’aithne agam a chuireann an-suim i bpúcaí agus in arrachtaí scáfara (scary monsters) agus is iad a chéadroghanna faoi láthair (his current favourites) ná ‘Macán san Oíche Dhorcha’, scéal faoi mhac tíre óg (a young wolf) a bhfuil eagla air roimh an dorchadas, agus ‘Stiúcaí Stiúgtha’, scéal faoi arracht mhór atá chomh hocrach sin go bhféadfadh sé teach mór buí a ithe.

San alt seo a foilsíodh sa nuachtán Gaeilge Tuairisc.ie cuirtear síos ar chuid de na saothair (works) is fearr a foilsíodh i 2016. http://tuairisc.ie/seoda-na-n-og-na-leabhair-ghaeilge-is-fearr-a-foilsiodh-do-dhaoine-oga-in-2016/

Seans go dtabharfaidh sé smaointe duit don chéad turas leabharlainne eile a dhéanfaidh an teaghlach.

léitheoireacht2

Tá leabhair iontacha curtha ar fáil i mbliana chomh maith. Ina measc, tá leabhar amhrán a chuireann an bhéim ar na séasúir agus ar an dúlra (with an emphasis on the seasons and nature) dar teideal ‘Bliain na nAmhrán’. Tá dlúthdhiosca leis an gceann sin, rud a bhainfidh de leadrán an turais fhada sa charr b’fhéidir (which could ease the boredom of long car journeys!). Ceann nua a gcuirfidh páistí níos sine suim ann ná ‘An Billiúnaí Beag’, leagan Gaeilge den leabhar ‘Billionaire Boy’ le David Walliams.

hymnal-468126_960_720 (1)

Má tá suim agat sa léitheoireacht, seans maith go dtaitneoidh an clár nua irmheas Leabhar atá ar siúl gach Céadaoin ag 19.30 ar TG4 leat. (féach http://www.tg4.ie/ga/clair/leirmheas-leabhar/)

Is maith ann an painéal léirmheastóirí óga (it’s great that they have a panel of young critics) a thugann breithiúnas ar na leabhair nua-fhoilsithe do pháistí. Tráthúil go leor (coincidently), daoibhse a bheidh ag tabhairt aghaidhe ar Dhún Chaoin go luath, sa ghearrthóg seo ó chlár na seachtaine seo caite pléann daltaí óga ó Bhunscoil Bhaile an Fhéirtéaraigh  an leabhar ‘Orla Uan ar Scoil’. Bainigí taitneamh as.

https://twitter.com/LeirmheasTG4/status/847477353924091906

Image result for léirmheas leabhar

Image: TG4 Láithreoir an Chláir Dr. Róisín Ní Ghairbhí

 

Ag dul amach i gcomhair béile

Tugtar roinnt nathanna bunúsacha anseo a bheidh úsáideach duit agus tú ag iarraidh tú féin agus do chlann a bheathú agus sibh sa Ghaeltacht.

Some simple phrases to use when ordering food in the Gaeltacht.

San óstán ar maidin

An bhfuil an bricfeásta san áireamh? (included)

Mora duit ar maidin (good morning)! Bord do cheathrar le do thoil.

Teastaíonn cathaoir ard uainn.

Maidin mhaith! An féidir liom féachaint ar an mbiachlár (menu) le do thoil?

Ba mhaith liom ubh scallta (poached) agus tósta le do thoil.

(Agus tú ag fágáil) Lá maith agat!

breakfast-848313__340

Ag caint ar bhia/ag déanamh plean

Ceist: An bhfuil ocras ort? An bhfuil fonn ithe ort? An íosfá rud éigin? Ar mhaith leat dul go caifé chun greim bia a fháil (to get a bite to eat)? An mbeidh cúpán caife againn?

*Tabhair faoi deara gur dhá fhocal éagsúla iad ‘caifé’ agus ‘caife’ – is é ‘caife’ an deoch agus is é an ‘caifé’ an áit ar féidir cupán ‘caife’ a fháil!

coffee-563797_960_720

Freagra: Tá ocras an domhain orm / Tá mé stiúgtha leis an ocras / Táim ag fáil bháis den ocras!

D’íosfainn rud éigin cinnte.

Tá fonn orm an bhialann sin a thriail. (I’d like to try out that restaurant)

Fág seo (let’s go) Téanam ort (Come along)

An gcuirfidh mé bord in áirithe? (will I book a table?) Cén t-am a oireann duit?

 

Sa chaifé/bhialann

dining-room-103464_960_720

Tráthnóna maith, cad ba mhaith leat? / Cad is féidir liom a fháil duit? / Cad a bheidh agat?

Cé mhéad agaibh atá ann? Bord do bheirt an ea?

Táimid idh le hordú (ready to order)

Cad iad roghanna an lae? (the specials)

Cad a mholfá féin? (what would you recommend?) / An molfá an bas? (would you recommend the sea bass?)

An dtagann prátaí nó sceallóga leis sin?

Don amhchúrsa (starter) / don phríomhchúrsa (main course) / mhilseog (dessert), beidh … agam.

 

Cineálacha bia

Is féidir liosta cuimsitheach a fháil ag an nasc seo: http://acmhainn.ie/tearmai/biadeoch.htm

food-1050813_960_720

Deoch a thairiscint do dhuine (offering someone a drink)

Ar mhaith leat rud éigin le hól? / Cad a bheidh agat? / odh deoch agat! (have a drink!)

Seasfaidh mé deoch duit / Liomsa an babhta seo (this is my round)

An ólann tú fíon dearg/geal?

 two-types-of-wine-1761613_960_720

Ag íoc

Lorgóidh/gheobhaidh mé an bille

Seasfaidh mise é seo (This is on me)

Cé mhéad atá air sin? (How much is that?)

An bille le do thoil. Cinnte, seo duit.

An íocfaidh tú le cárta nó le hairgead tirim (cash)?

An bhfuil an séisín san áireamh? (is the tip included)

An roinnfimid an bille? (will we split the bill?)

Image result for the bill in restaurant

Image: Wikimedia

All other images: Pixabay.com

Treoir Fuaimnithe – Pronunciation Help

An raibh fhios agaibh go bhfuil teidí nua Gaeltachta (le trí chanúint éagsúla) ar fáil anois? Gheobhaidh sibh sonraí anseo.

Teidí le Gaeilge

Image: Siopa.ie

Nach álainn an bronntanas é do bháibín nua!

Mar eolas daoibh, cuireann canúint na Mumhan an bhéim ar an gcuid dheireanach den fhocal den chuid is mó, in áit tús an fhocail, mar a mbíonn an bhéim i gCanúint Chonnacht nó i gCanúint Uladh go minic (Unlike Connacht and Ulster Irish, where the first part of the word is often emphasised, the emphasis is placed on the second part of the word in Munster Irish). M.sh. ‘ealaín’, ‘bainisteoir’, ‘scoláire’, ‘paróiste’, ‘slaghdán, srl.’ Fuaimníonn na focail ‘scoláire’ agus ‘paróiste’ cosúil le ‘scláire’ agus ‘próiste’ fiú amháin toisc go gcuirtear an oiread béime ar dheireadh na bhfocal (as the second parts of the words are so pronounced).

Ná déan dearmad go bhfuil cabhair ar fáil má bhíonn treoir fuaimnithe uait (if you need pronunciation help). Má bhíonn amhras ort faoi conas a fhuaimnítear focal ar leith i gCanúint na Mumhan, is féidir treoir (direction) a fháil ón suíomh www.focloir.ie trí bhrú ar an bhfuaimniú Muimhneach in aice leis an bhfocal – an M mór san íomhá seo. Tuilleadh eolais anseoMuimhneach

Seans go dtabharfaidh sibh faoi deara cúpla ceann de na leaganacha atá pléite thuas san agallamh seo le Dara Ó Cinnéide (Raidió na Gaeltachta) ar leanaí Scoil an Fheirtéaraigh.  Star Wars an t-ábhar plé (arís!).  Cuirtear tús leis an agallamh ar 34.50

http://www.rte.ie/radio/utils/radioplayer/rteradioweb.html#!rii=b17%5F20993976%5F1749%5F25%2D05%2D2016%5F

Image result for Dara Ó Cinnéide

Image: Beo.ie

Cúpla focal eile atá difriúil i nGaeilge na Mumhan (Munster Irish)

In this blog entry, some words that have different meanings in Munster Irish are considered. This entry is for those at an upper intermediate level of Irish.

Tá cúpla focal coitianta ann a bhfuil ciall dhifriúil ag baint leo (that have a different meaning) i nGaeilge na Mumhan.

LEIS: Úsáidtear an focal ‘leis’ chun ‘freisin’ nó ‘chomh maith leis sin’ a chur in iúl. Mar shampla, ‘táimid ag baint taitnimh as an dea-aimsir leis.’

LÁITHREACH: Ciallaíonn ‘láithreach’ i gceann tamaill, murab ionann agus ‘anois díreach’, mar a thuigtear é sna canúintí eile. Mar sin, má deireann freastalaí i mbialann leat go nglacfaidh sé le d’ordú bia ‘láithreach’, b’fhéidir gurbh fhearr duit deoch a ordú a fhad is a bheidh tú ag fanacht!

CÚRAMACH: Chomh maith leis sin, tá an focal ‘cúramach’. Má deireann duine go bhfuil sé ‘cúramach’, seans gur ‘gnóthach’ atá i gceist aige!

NA hÉINNE: Deirtear ‘na héinne’ chun trácht ar ‘gach duine’.

MAIREACHTAINT: Ciallaíonn ‘tá mé ag maireachtaint i gCiarraí’ go bhfuil an duine ina chónaí i gCiarraí.

SO/SAN agus ROIMIS: Uaireanta, cloisfidh tú ‘so’ agus ‘san’ in áit ‘seo’ agus ‘sin’ agus tú i mBaile an Fhéirtéaraigh, mar aon le ‘roimis’ in áit ‘roimh’.

Seans gur ait leat na difríochtaí seo ar fad (maybe some of these variants seem strange to you)? Bhuel más ait, ná bí buartha fúthu mar an chuid is mó den am beidh an chiall soiléir ón gcomhthéacs agus ní bheidh aon abhár amhrais ort (most of the time the meaning will be apparent from the context of the conversation)!

Ar aon nós, más ait ní bréagach (strange but true), bíonn teangacha níos aistí ná an Ghaelainn le cloisteáil thart faoi Chorca Dhuibhne in amanna!

 

Image result for star wars skellig michael screen

Image: Traleetoday.ie

 

 

Gaelainn Chorca Dhuibhne

Image result for corca dhuibhne

Arbh eol duit gur ‘Gaelainn’ a labhraíonn muintir Chorca Dhuibhne agus ní ‘Gaeilge’?! San iontráil seo cuirtear síos ar chanúint na Mumhan, agus ar an gcineál ‘Gaelainne’ a labhraítear i gCorca Dhuibhne go háirithe. Seans go gcloisfidh tú cuid de na leaganacha thíos agus tú ar an deireadh seachtaine do theaghlaigh sa Ghaeltacht, nó go mbeidh tú in ann iad a úsáid tú féin!

Did you know that in the Kerry Gaeltacht of Corca Dhuibhne they speak ‘an Ghaelainn’ and not ‘an Ghaeilge’?! In this post we outline some of the particular forms associated with Munster Irish. You might hear some of these while in Baile an Fhéirtéaraigh, or even use them yourself…

 Ar an gcéad dul síos, is é ‘Gaelainn’ ainm na teanga i gCorca Dhuibhne! Agus tá sí beagáinín difriúil ón nGaeilge a labhraítear i gceantair eile… Tabhair faoi deara na focail a bhfuil líne fúthu sa sliocht seo (take note of the underlined word in the following paragraph):

Nuair a bheidh tú féinig agus do chlann ar an deireadh seachtaine do theaghlaigh i mBaile an Fhéirtéaraigh, beidh do leanaí leat (agus ní ‘do pháistí’ nó ‘do ghasúir’). Má thagann do mháthair nó d’athair leat, seans go gcuirfidh tú in aithne í/é do mhuintir na háite (that you will introduce her or him to the locals) mar ‘máthair chríonna na leanaí’ nó ‘athair críonna na leanaí’ (in áit ‘seanmháthair’ nó ‘máthair mhór’). Deirtear ‘críonna’ i gCanúint na Mumhan in áit ‘sean’. Le cúnamh Dé, ní bheidh aon duine de na leanaí ‘breoite’ (‘tinn’) mar bheadh sé sin ‘go hainnis ar fad’!Image result for animation of children

Cúpla focal mar gheall ar na briathra … (and some background on verbs for those of you who might be interested!)

Nuair a chloiseann tú duine ag úsáid foirmeacha mar ‘bhíos’ (in áit ‘bhí mé’), ‘cheapas’ (in áit ‘cheap mé’), ‘chuas’, ‘thángas’, ‘dheineas’, ‘cheannaíos’, srl., seans maith gur de bhunadh (from) Chorca Dhuibhne an cainteoir. Tugtar An Fhoirm Tháite ar an bhfoirm seo den bhriathar (this is known as An Fhoirm Tháite – i.e. without the prepositions mé/tú/sí/sí srl.) Ní úsáidtear í mórán taobh amuigh de Chúige Mumhan. Uaireanta, cuireann daoine ‘do’ roimh an mbriathar san Aimsir Chaite freisin, m.sh. ‘do bhíos’, ‘do cheapas’, srl. Tá foirm ar leith den bhriathar ‘feic’ a úsáidtear i gCiarraí agus sin ‘chím’.  Listen out for these while you are in Baile an Fheirtéaraigh!

Image result for ballyferriter